Jimín Mháire Thaidhg

Beagnach céad bliain ó céadfhoilsíodh Jimín Mháire Thaidhg, tugann an t-eagrán maisithe seo léargas úr ar an leabhar is aitheanta i gcorpas litríocht Ghaeilge na n-óg.

Sa bhliain 1919, thosaigh An Seabhac, gníomhaí teanga, eagarthóir agus scríbhneoir, ag foilsiú sraithscéil a bhain le sólás agus dólás Jimín Mháire Thaidhg, buachaill óg trí bliana déag d’aois, agus é ag fás aníos i nGaeltacht Chiarraí. 

Leagan glanta agus giorraithe de Jimín Mháire Thaidhg a léigh glúine de pháistí scoile Éireannacha, ar baineadh tagairtí don chleamhnas, caidrimh idir dhaoine fásta agus an bás amach as. Filleann an t-eagrán seo ar an mbuntéacs agus tugann sé cuntas níos grinne agus níos greannmhaire ar nósanna agus ar chultúr na Gaeltachta ag tús an fichiú haois.

Cuireann léaráidí maisiúla Andrew Whitson barr maise ar an eagrán álainn seo agus cuireann siad go mór freisin le beogacht Jimín agus a chairde.

Tá réamhrá scolártha curtha ar fáil ag Ríona Nic Congáil ina bpléann sí cúlra Jimín Mháire Thaidhg agus an tábhacht a bhaineann leis na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm i ndiaidh an chéad eagráin den leabhar.

 
 
Previous
Previous

An tSnáthaid Mhór

Next
Next

An Ríocht