Mr Ando

Is ealaíontóir agus Feirsteach ó dhúchas é Andrew Whitson. Cónaíonn sé i seanteach atá taobh thíos de chaisleán agus buailte le srón fathaigh. In eaglais iontach sean, déanann sé pictiúir sa túr a chrochann sé ar bhallaí agus a chuireann sé i leabhair. In amanna, bíonn sé ag obair chomh mall sin sa túr go nglasáiltear isteach é. Ansin, caithfidh sé úsáid a bhaint as a eochair rúnda, dhraíochta le dul isteach agus amach as an eaglais nuair nach bhfuil duine ar bith eile thart.

Tháinig an smaoineamh don taispeántas seo ó thionscadal greannán mar ar chuir Neacha Inaitheanta cuma fórsa póilíneachta spioradálta orthu féin.

Tig an taispeántas ‘Inaitheanta?’ ón smaoineamh gur féidir go bhfuil cosantóir againn uilig, cosantóir atá dofheicthe ach a bhíonn linn i gcónaí. Ní coincheap nua é seo nó tá sé coitianta i gcultúir éagsúla fud fad an domhain. Príomhghné eile an taispeántais mar a dhéanann muid ár gcuid féin de na híomhánna ‘inaitheanta’ sin a d’imir tionchar orainn go háirithe agus muid óg.

D’eascair an bunsmaoineamh don taispeántas seo as tionscnamh greannán ar a raibh mé ag obair inar chuir ‘Neacha Inaitheanta’ cuma fórsa póilíní spioradálta orthu féin is iad ag obair i gcomhar le príomhcharachtar an scéil.

Roimh i bhfad, ba léir dom go bhféadfaí an coincheap seo a leathnú sa dóigh go mb’fhéidir an spreag-íomhá a dhúisíonn an chuimhne a úsáid mar chlib dearaidh nó mar stíl ‘inaitheanta’ le cuid de na saothair amhairc is na smaointe amhairc is nua agam a threorú.

Is é is bun le húsáid na hamharc-chlibeanna seo agam ná iniúchadh a dhéanamh ar thionchar phopchultúr m’óige ag am nach raibh an teilifís ná teicneolaíochtaí eile na meán cumarsáide ach ina dtús agus iad teoranta dá réir, ní hamháin ó thaobh caighdeáin de ach ó thaobh forleithne de fosta.

Ar bhealach, cuairt chumhach ar ré níos soineanta atá ann, ré ina raibh an popchultúr ag teacht i méadaíocht, ré roimh theacht i dtreis na réabhlóide digití.

Mar sin de, achan cheann de na formáidí meán cumarsáide lena bhfuil mé ag plé, baineann sé le carachtair ar leith de chuid theilifís na bpáistí agus araile agus tá athchuairt á tabhairt agam orthu faoi anáil an chumha. Ag an am chéanna, tá mé ag atógáil na gcarachtar agus ag cur mo chlib féin leo – léiriú nua-aimseartha trí mheán na gcuimhní cinn.

An t-athléamh seo ar thionchair m’óige, tá súil agam go gcruthóidh sé eangach amhairc de chuimhní cinn. Bailiúchán saothar é a gcuirfear leis, a mbainfear dó nó a ndéanfar atheagrú air am ar bith, tógán atá fréamhaithe in eispéireas na hóige, in eispéireas an lae inniu, in eispéireas na todhchaí.

Carachtar beag gorm cosúil le róbó a bheas ina shiombail den tógán seo. Beidh sé ag cur faoi sa tírdhreach amhairc seo arb é athchóiriú mo scéil féin é.

OLLAM.gif
Type-Vol.-1-3-3.jpg

Lorem ipsum dolor sit amet, consectetur adipiscing elit, sed do eiusmod tempor incididunt ut labore et dolore magna aliqua. Nunc mattis enim ut tellus elementum sagittis vitae et. Vestibulum rhoncus est pellentesque elit ullamcorper dignissim cras. Et tortor at risus viverra adipiscing at in tellus integer. Integer vitae justo eget magna.

Previous
Previous

An Ríocht