Rita

Cailín beag atá inti le smaointe móra.

Seo í Rita! Cailín beag atá inti le smaointe móra. Is splanc chruthaitheach í Rita a d’fhás ón chomhoibriú samhlaíoch idir an maisitheoir Andrew Whitson agus an scríbhneoir Máire Zepf. Bhí sé mar aidhm ag an fhoireann chruthaitheach sin carachtar nua a chruthú, carachtar a bheadh aitheanta ag páistí ar fud na tíre, le dearadh beoga agus pearsantacht láidir uathúil. Bheadh sí so-aitheanta, spleodrach, tarraingteach, agus le sraith leabhar, bheadh sí i gcónaí i mbun eachtraí nua.

Creideann An tSnáthaid Mhór go mbeidh beocht ag Rita, an rógaire rua, mar charachtar, ní hamháin ar leathanaigh na leabhar, mar a raibh sí beo go dtí seo, ach ar ardáin úra chomh maith, ar an teilifís agus ar líne. An fhís atá againn do Rita ná go mbeadh pacáiste iomlán ar fáil – na leabhair féin, na cláracha teilifíse, ábhar digiteach agus ábhar oideachasúil.

Tá Rita le foilsiú sa Bhreatnais agus i mBéarla gan mhoill. Táimid tar éis na cearta a dhíol leis an fhoilsitheoir Breatnaise, Graffeg. Is foilsitheoirí iad a bhfuil nasc againn leo le tamall. Bíonn muid ag comhoibriú leo ar chomheagráin Ghaeilge den tsraith leabhar Muireann/Molly/Mali, a mhaisíonn Andrew Whitson. Fágann sé seo go bhfuil féidearthacht ann eachtraí Rita a scaipeadh, ar ardáin éagsúla, chuig pobail teanga eile.

Tá lucht leanúna dílis ag Rita i measc phobal óg na Gaeilge cheana féin – ach fan go bhfeicfidh siad Rita nuair a thiocfaidh sí chun beatha ar an scáileán!

Next
Next

Muireann: Cailín An Oileáin