leabhair

Balor Balor As tobar bhéaloideas ár sinsear a d'eascair 'Balor'.
Scéal miotasach Bhaloir a mhaireann i mbéaloideas na ndaoine. Tá a lorg fós le feiceáil ar an tírdhreach agus ar logainmneacha Iarthuaisceart Thír Chonaill.
Scéal eipiciúil ina bhfuil an choimhlint idir an ghile agus an dorchadas.
Míle buíochas de na daoine go léir, cuid acu gan ainm, a d'aistrigh agus a bhailigh na scéalta.
Seoid ár n-oidhreachta le caomhnú - Geasa na Scéalaíochta!


Gaiscíoch na Beilte Uaine Gaiscíoch na Beilte Uaine As tobar an bhéaloidis a thagann Gaiscíoch na Beilte Uaine. Scéal eachtra é a leanann turas laoch an scéil, Gaiscíoch na Beilte Uaine, agus é ag taisteal i ndomhan draíocht, domhan ina mbíonn ainmhithe agus daoine faoi gheasa, áit a mbíonn fathaigh ag réabadh agus bagairt agus saol ina mbíonn cor cumhachtach sa chinniúint i gcónaí. Geasa na scéalaíchta beo anseo.