baile

Tháinig muid ar scéalta iontacha ón Bhéaloideas. Las said splanc ionainn leis an saibhreas fileanta teanga agus na h-íomhanna bheoga a bhí iontu . Ba léir go dtáinig muid ar sheod ár n-oidhreachta . Chothaigh na scéalta , scéal amháin go háirithe , fís agus aisling ionainn ar mhaith linne a chur ar ais i mbéal an phobail.

'Sé an phríomhaidhm atá ag an teach foilsithe nua , An tSnáthaid Mhór, ná fanacht dilís don draíocht sa scéal féin ach le tacaíocht pictiúr agus le athinsint chúramach , eochair nua a thabhairt don phobal ar scéalta ár n-oidhreachta.

As tobar an bhéaloidis a thagann Gaiscíoch na Beilte Uaine .Scéal eachtra a leanann turas laoch an scéil agus é ag taisteal i ndomhan draíochta . Domhan ina mbíonn ainmhithe agus daoine faoi gheasa , áit a mbíonn fathaigh ag réabadh agus ag bagairt agus saol ina mbíonn cor cumhachtach sa chinniúint i gcónaí . Geasa na scéalaíochta beo anseo.

'Druine seansnáithe , fíonn éadach úr'

Is an fhís ata ag An tSnáthaid Mhór ` ná go n-aimsítear bealaí nuálacha le hoidhreacht agus draíocht an scéil Gaiscíoch na Beilte Uaine a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh