An tSnáthaid Mhór/ The Big Needle

‘DRUINE SEANSNÁITHE FÍONN ÉADACH ÚR’



Creideann An tSnáthaid Mhór gur féidir an sean agus an nua a fhí le chéile le brat nuálach a chruthú.

Is é an fhís atá againn ábhar a chur ar fáil ar gach ardán, ábhar atá cruthaitheach, spreagúil agus mealltach, go háirithe do dhaoine óga. Is mian linn pacáiste iomlán – na leabhair féin, na cláracha teilifíse, ábhar digiteach agus ábhar oideachasúil – a chruthú is a chur ar fáil chun glór a thabhairt do scéalta ár bpobail.

Cruthaíonn An tSnáthaid Mhór ábhar maisithe do pháistí de gach aois. Bunaíodh an comhlacht in 2005 i ndiaidh do na stiúrthóirí bheith curtha faoi gheasa ag na Scéalta Iontais i gCnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD. Tá luí ar leith againn le taipéis ornáideach mhaisithe scéalta ár n-oidhreachta. Na seoda sin, agus a n-insint fhileata shaibhir, ghríosaigh siad muid le hiarracht a dhéanamh iad a chur os comhair an tsaoil ar dhóigh nuálach (agus muid dílis i gcónaí don draíocht atá sna bunscéalta). Ba sin an spreagadh a thug ár gcéad leabhar, Gaiscíoch na Beilte Uaine, ar an tsaol. Táimid ag foilsiú linn ó shin agus ag foilsiú ábhair éagsúla ar ardáin éagsúla.

Is ansa linn an t-ainm, an íomhá agus an fhealsúnacht a bhaineann leis an tsnáthaid mhór atá mar shiombail againn. Tá draíocht ag baint leis an tsnáthaid mhór mar is feithid réamhstairiúil í. Is iontach linn go bhfuil sí in Éirinn leis na cianta agus go bhfuil sí lárnach san oidhreacht s’againn – mar atá ár dteanga agus ár scéalaíocht féin! Tá an tsnáthaid mhór lúfar cumhachtach i gcónaí. Tá raon radhairc 360 céim aici agus tá ildathú le sonrú inti. Dar linn go léiríonn áilleacht thraidisiúnta na snáthaide móire éiteas an eagrais neamhspleách seo. Tá cruth na snáthaide móire cosúil le snáthaid fhada ag sníomh a bealaigh anonn is anall trí na leapacha giolcach. Seo díreach mar a bhíonn An tSnáthaid Mhór agus muid ag fíodóireacht focail, pictiúir agus físeáin le héadach nua scéalaíochta a chruthú ó shnáth ársa na hinsinte. Is siombail í an tsnáthaid mhór den athrú, den chasadh agus den aistriú. Is é an sprioc atá againn a bheith nuálach, cumhachtach, cruthaitheach in achan ghné den fhoilsitheoireacht. Creideann muid gur chóir dúinn súil ghéar a bheith againn i gcónaí ar shaibhreas ár n-oidhreachta le go mbeimid ag cruthú seoda nua oidhreachta.

Déanaimid ábhar nua atá oiriúnach do leanaí a chruthú. Déanann muid dearadh nua-aimseartha a úsáid. Cruthaíonn muid scéalta agus carachtair nua le sásamh agus siamsaíocht a mhúscailt ar bhealach atá úr, láidir agus nuálach. Bhí muid i gcónaí tiomanta do naisc dhigiteacha a chur lenár saothar agus tá gné ilmheán ag gach táirge dár gcuid. Ón chéad lá, chuir muid dlúthdhioscaí agus dvdanna beochana ar fáil leis an ábhar clóite, chruthaigh muid ríomhleabhar feabhsaithe agus aipeanna agus anois tá cóid QR againn mar uirlis rannpháirtíochta. 

Is mian linn saothar d’ardchaighdeán a chruthú le craoladh. Cuirfidh sé acmhainn a bhfuil géarghá léi ar fáil don phobal, do theaghlaigh agus do scoileanna. Faoi láthair, tá na hacmhainní uathúla atá ar fáil do pháistí teoranta go leor i dtéarmaí ábhar closamhairc sa Ghaeilge. Aithníonn muid an gá mór atá le hábhar den sórt sin. Táimid ag pleanáil i dtreo leabhair RITA a chur ar fáil mar tháirge ardchaighdeáin ar ardáin éagsúla le fada an lá. Anois an t-am, measaimid, leis an aistriú seo a dhéanamh mar, thar na blianta, táimid i ndiaidh cur go mór lenár dtaithí: ar thaighde, ar chomhoibriú le comhpháirtithe maoinithe agus ar bhuiséid tionscadail a bhainistiú. Aithnímid a lárnaí is atá plean soiléir rannpháirtíochta sa phróiseas sa dóigh gur féidir ábhar a roinnt go rathúil agus a dháileadh go héifeachtach. Rinne muid taighde cúramach ar an chur chuige ceart leis an ábhar seo a chruthú. Tuigimid an tábhacht atá leis an tacaíocht cheart a fháil ó na comhpháirtithe is fearr agus ón fhoireann ghairmiúil cheart le go mbeidh bláth ar an saothar/ar an tionscadal.

Táimid ar bís le tabhairt faoin tionscadal iontach seo.

logo.png
Previous
Previous

Na Bopíní / The Bops

Next
Next

Jimín Mháire Thaidhg (An Seabhac a scríobh)